Thursday, March 7, 2013

Fís1: Call of Duty AS GAEILGE!!!!!


An Fís agus na fotheidil ag an am céanna anseo: http://jsbin.com/etimef/1
Buíochas le Robert i gcóir é seo a chuir le chéile!





Conas atá sibh daoine álainn youtube, is mise CODasGAEILGE an chéad tráchtór Gaelainn Call of Duty riamh. Inniu táimid ag imirt domination i Black Ops 2 ag úsáid an MP-seacht ach chun an fhírinne a rá ní bheidh am agam caint mar gheall ar an gameplay mar tá an-chuid rúdaí a theastaíonn uaim a chlúdach agus ní bheidh am agam labhairt mar gheall ar gach rud fiú inniu. Ach chun solas a shoilsiú ar an t-eileaphant sa seomra, mar a deirtear, sea táim ag labhairt as Gaelainn, nó as Gaeilge, mar a deir daoine áirithe. Má thaitníonn an tsaghas seo rud leat más é do thol é tabhair aiseolas nó feedback de shaghas éigin dom. Is féidir leat 'like' a chuir ar an video seo, nó favoriting a dhéanamh ar, nó is féidir leat an cnaipe 'subscribe' a bhrú chun féachaint ar na videos ar fad a bheidh agam sa thodhchaí. Má tá tú ag déánamh scrúdaithe faoi láthair sa Teastas Sóisearach nó sa Teastas Sinsearach beidh tú ábalta staidéar a dhéanamh ar an teanga ó a bheith ag éisteacht liom a bheith ag caint!

Faraor tar éis na scrúdaithe, cailleann cuid mhór den tír a gcuid suime inár teanga, agus teastaíonn uaim meon diúltach atá ag daoine mar gheall ar an teanga a athrú tríd an channel Youtube seo. Caithfimid ár teanga a thabhairt isteach san haonú haois is fiche, mar táimid ceangailte sa fichiú haois! Cad atá i gceist agam? Bhuel, má chuireann tú TG4 nó Radió na Gaeltacha ar siúl, ní bheidh le cloisint ach daoine críonna éigean nó 'didle-dí-di', ceol ainnis, agus ráiméis, nach mbaineann le gnáth daoine óga na tíre. Teastaíonn uaim an meon seo a athrú, teastaíonn uaim go mbeadh daoine bródúil as ár teanga, agus go mbeadh siad ag caint gach lá, lena gcairde, as Gaelainn, mar TEASTAÍONN uait, seachas a bheith ag labhairt díreach toisc go bhfuil múinteoir éigean ag béiceadh i d'aghaigh. Is fíor an seanfhocal, 'Tír gan teanga, (is sea) tír gan anam'. Bhí daoine sa tír seo ag labhairt Gaelainn le na céádta de bhlianta, sara tháining na Sasnaigh lena gcuid Béárla. Teanga mí-nádúrtha is sea an Béarla dúinn, agus sin é an fáth nach bhfuil morán cultúr sa tír seo seachas a bheith ag ól an t-am ar fad! Fadó, bhímís ag bothántaoícht agus ag caint 's ag caint lena chéile, ag dul ó thigh go tigh, agus sí an Ghaeilge bunús an chultúr seo. Ach anois, níl focal ag an gcuid is mó dúinn, tá cúpla focal aige daoine eile, agus tá daoine eile ann le an-chuid Gaelainn ar nós mise, sin é an fáth ba cheart duit tacaíocht a thabhairt do mo channel youtube, cabhróidh sé go mór liom.

Anois, domination i Black Ops, tá sé scoilte i dhá pháirt, ehm, 's é seo páirt a haon, eh..taispeanfaidh mé eh..páirt a dó má tá suim aige daoine a bheith ag éisteacht liom ehm. Teastaíonn uaim a thuileadh cluichí a imirt chomh maith seachas Call of Duty ar nós b'fhéidir cluichí 'spooky' mar a deirtear, agus bheadh sé go léir as Gaelainn. Ach mar a dúirt tá tacaíocht ag teastáil uaim. Má fhéachann tú ar an fís seo tá sé...bhuel go hainnis chun an fhírinne a rá. Tá 'watermark' sa lár, tá trealamh nua ag teastáil uaim.

Ehm...chun a bheith ag caint mar gheall ar an gcluiche beagánín, táim tar éis Black Ops 2 a imirt mé fhéin. Eh is maith liom é. B'e Black Ops one an Call of Duty is fearr a imiríos riamh, níor thaitin Modern Warfare three liom, cheapas go raibh sé go hainnis ar fad. Ó a scoilt Infinity Ward cúpla bliain ó shin, eh níl siad chomh maith 's mar a bhíodar, agus 'sé Treyarch an comhlacht is fearr i gcóir Call of Dutys. Ehm, anois, sa chluiche seo leis an MP-seven ní mise a dhein an chluiche seo mar níl aon capture card agam faoi láthair. 'Sé 'supercoolisaac' a thug an gameplay dom, agus eh..táim an-bhuích dó. Imireor an-mhaith Call of Duty is sea é, níl morán subscribers aige, ar nós mise, so má thaitníonn sé leat más é do thol é téir go dtí a channel.

Anois níl tosach an cluiche seo ró-mhaith ach tá páirt a dó an-mhaith ar fad, caithfead-mea a rá. Ach aaa...cífead tú é sin sa chéád fhís eile. Anois teastaíonn uaim a rá sara imeom, tabhair tacaíocht don channel. Tá an-chuid daoine a bhíonn ag labhairt Béarla agus bíonn siad ar youtube, ach bheadh go hiontach dá mbeadh Gaelgeor ar tosach Youtube ar an gcéad leathanach, so más é do thol é tabhair tacaíocht do seo. Agus cífead-mea tu sa chéad video eile. Go raibh maith agat. Slán.

Please donate to me here to help me make more videos. Thank you so much.

1 comment:

  1. Tá cead ag éinne scríobh anseo. Má theastaíonn uait mise a cheartú más é do thoil é déán é seo, teastaíonn uaimse foghlam ó mo dhearmadaí agus mo Ghaelainn a fheabhsú chomh maith!!

    ReplyDelete