Showing posts with label learn gaelic irish. Show all posts
Showing posts with label learn gaelic irish. Show all posts

Tuesday, January 7, 2014

A VERY SCARY VIDEO Irish to English Translation



Translation begins after intro (at 0.24). If you have any question about a specific line or phrase please feel free to ask in the comment section below. Thank you for watching! Go raibh míle maith agat as féachaint ar an bhfís seo!

1.   Ó Haigh! Conas atá sibh gach éinne ar Youtube?
      Hello! How are you all on Youtube?

2.   agus athbhliain faoi mhaise daoibh go léir
      and happy new year to all of you

3.   anois mar a chíonn sibh tá sé dubh dorcha
      now as you see it is black with darkness

4.   agus táimse ar mo shlí go dtí teach na ngealt
      and I am on my way to a mental asylum

5.   Cad 'na thaobh? Bhuel b'fhéidir go bhfuilim féin as mo mheabhair
      Why? Well maybe I myself am crazy

6.   Ach, b'fhéidir go mbeidh beagánaín craic again anso
      But, maybe we will have some 'craic' (fun) here

7.   agus ní an saghas 'an craic, ach spraoi agus cleachta
      and not that type of 'craic', but fun and games

8.   Cífimid conas a théann sea...
      We will see how it goes

9.   Táimid anso ar deireadh thiar thall
      We are here at long last

10. Tar éis turas fada (eagla orm? hehe)
      After a long journey (me scared? hehe)

11. Ní féidir liom fanacht go dtí go bhféidir liom léimeadh amach as an mótor agus mo scíth a ligeant
      I can't wait until I can jump out of the car and relax

12. Níl aon shlí thar n-ais anois
      There's no way back now

13. 'Siad sa na priomh geataí
      These are the main gates

14. an príomh gheata
      the main gate

15. tá sé faoi ghlas
      it is locked

16. Raghfaimid timpeall and thaoibh
      We will go around the side

17. Nach deas an tigh ea?
      Isn't it a lovely house?

18. "Ó" gaoth
      Oh wind

19. "Óóóó Gaoth scanriúil
      Oooo a scary wind

20. "Wow" féach ar na duilleoga san
      Wow look at those leaves

21. Caithfidh go bhfuil draíocht éigin ag baint leo
      There must be some magic associated with them

22. Anois 's dóigh liom gur cheart dúinn dul isteach...an doras chun tosaigh
      Now I think we should go in...the front door

23. Teach na ngealt!
      The mental asylum (literally meaning 'the crazy house')

24. N'fheadar an bhfuil aon duine 'ge baile? Heló?
      I wonder if anyone is at home? Hello?

25. Doras faoi ghlas...OK!
      The door is locked...OK!

26. 'Doras chun tosaigh faoi ghlas mar sin caithfimid dul timpeall
      Front door is locked so we will have to go around

27. Féachann an geata sa' ar nos go bhfuil sea faoi ghlas chomh maith
     This gate also looks like it is locked

28. Ach ta poll sa gheata
      But there is a hole in the gate

29. Raghfaimid tríd
      We will go through

30. Cé acu slí a raghfaimid?
      Which way will we go?

31. Bhuel trialfaimid an doras arís ar nós gnáth dhuine
      Well we will try the door again like a normal person

32. Faoi ghlas...arís
      Locked...again

33. Théé tánn fhuinneog 'san oscailte!
      Hey that window is open!

34. Féachann sé ar nós go gcaithfimid dul ag drapadóireacht
      It looks like we will have to go climbing

35. B'fhearra dúinn léimeadh
      We should jump

36. OK an-mhaith
      OK very good

37. Caithfimid a bheith cúramach anois
      We will have to be careful now

38. Ah an fhuinneog 'sa
      Ah this window

39. Léimfimid isteach ann, cífimid conas a théann sea
      We will jump in there, we will see how it goes

40. fadhbanna le na soilse
     problems with the lights

41. Caithfidh duine éigin glaoch a chuir ar an ESB is dóigh liom!
      Someone must call the ESB (the electricity service provider in Ireland) I think!

42. gloine bhriste ar fud an thalaimh
     broken glass all over the ground

43. Bhí ceart 'ge duine éigin an áit seo a ghlanadh suas sara tháingeas, tá sé go náireach
      Someone should have cleaned this place up before I came, it is disgraceful

44. Raghfaimid tríd an dhorais 'sa
      We will go through this door

45. Teilifís bhreá ansan
      A fine TV there

46. Seomra deas, tá an áit seo beagánaín níos glaine
     A nice room, this place is a little bit cleaner

47. "Hey" cad é sin? Cad é an glór san?
      Hey what is that? What is that noise?

48. ó..teilifís
      o...a TV

49. Caithfidh nár bhfuaireadar 'Sky Digital' fós
      They must not have gotten Sky Digital (subscription based cable TV in Ireland) yet

50. Is dócha go bhfuil siad fós ag úsáid an sean bhosca san ó 'RTE'
      They're probably still using that old box from RTE (the Irish TV network)

51. agus ni oibríonn sé, smaoinigh ar sin?! "C'mon" RTE!
      and it doesn't work, imagine that, C'mon RTE!

52. OK ar aghaidh linn
      OK onwards we go

53. Doras eile...Tá fuil ar an n-imeall
     Another door...There is blood on the edge

54. ach cifimid cad atá istigh ann
      but we will see what is in there

55. OK tá doiciméad éigin anso
      OK there is some kind of document here

56. N'fheadar an bhfuil aon Ghaelainn acu?
      I wonder if they have any Irish?

57. Cifimid cad atá scríobhte..
      We will see what is written

58. Ó tá sé as Béarla! TÁ SÉ AS BEARLA!
     Oh it is in English! IT IS IN ENGLISH!

59. B'fhearra dom é a dhúnadh síos
      I better close it down

60. Tá an cluiche seo scanriúil
      This game is scary

61. Cheapas go bhfeadfainn éalú..WOH!
      I thought I could escape...(couldn't finish sentance) WOH!

62. Bhíos chun dul go dtí an leithreas ach...
      I was going to go to the toilet but...

63. Caithfidh go bhfuil sé faoi gh..HEY an bhfuil aon duine sa leithreas? Cé atá sa leithreas?!
     It must be locked (didn't finish the sentance)...HEY is there any body in the toilet? Who is in the toilet?

64. An bhfuil aon duine sa leithreas?
      Is anyone in the toilet?

65. OK ar aghaidh linn..
      OK onwards we go

66. "Ó nó!"...FUIL!
      Oh no! BLOOD

67. Fuil..nó tá duine éigin tar éis deoch dearg éigin a dhoirteadh
      Blood..or someone is after spilling some red drink

68. Ach féachann sea ar nós fuil
      But it looks like blood

69. B'fhearra dom é a leanúint is dócha
      I should follow it probably

70. Tosnóidh mé ag drapadóireacht arís
      I will start climbing again

71. Isteach i spás cúng, dorcha
      Into a narrow, dark space

72. N'fheadar cad atá ar siúl síos anso?
      I wonder what is going on down here?

73. Féachann an áit seo an-dheas!
      This place looks very nice!

74. "HEY" cé atá thíos ansan?
      HEY who is down there?

75. B'fhearra dom bualadh síos chuige
      I better go down to him

76. Féachann sé ar nós go bhfuil sé tar éis titim a chodladh
      It looks like he is after falling asleep

77. Conas go raibh sé ag crochadh ansan?
      Why was he hanging there?

78. Táim chun leanuint ar aghaidh
      I am going to continue onwards

79. Cé hé sin?
      Who is that?

80. Cheapas go bhfaca duine éigin ansan
      I thought I saw someone there

81. B'fhearra dom a bheith cúramach timpeall na haite sa
      I better be careful around this place

82. Tá rud eigin saghas ait ag tarlú is dóigh liom
      Some strange is happeneing I think

83. Agus tá an-chuid dóirse faoi ghlas
      And there are a lot of doors locked

84. Tá spas beag cung anso arís b'fhearra dom dul tríd
      There is a small narrow space here again I better go through it

85. Haigh conas atá tú? HAIGH HAIGH HAIGH!
      Hi how are you? HI HI HI!

86. Sháigh sé mé
      He pushed me

87. Ni raibh sé sin ró-dheas in aon chor
      That was not very nice at all

88. Ó níl ann ach an sagart
      Oh it's only the priest

89. sagart aitiúil!
      local priest!

90. Bhiodh sé siúd an-dheas liom nuair a bhios níos óige mar sin ní dócha go mbeidh aon fhadhb anso
      He used to be very nice to me when I was younger so there will probably be no problems here

91. Haigh conas atá tú?
      Hi how are you?

92. Sin é mo cheamara!
      That is my camera!

93. Is dócha go dtabharfaidh sé cabhair dom
      He will probably give me help

94. N'fheadar cad a tharlóidh leis an sagart?
     I wonder what will happen with the priest?

95. 'S dócha go bhfearra duit fáil amach an chead uair eile, slán go fóil!
      You should probably find out the next time, bye for now!

Please donate to me here to help me make more videos. Thank you so much.







































Friday, September 20, 2013

Learn Irish 1 Irish Alphabet & Pronunciation COD as GAEILGE Style!



Full Script:

◘ Conas ata sibh, gach éinne ar Youtube?

    How are you all, everybody on Youtube?

◘ Inniu táimid chun aibítir na Gaeilge agus fuaimniú na litreacha a foghlaim

   Today we are going to learn the Irish alphabet and the pronunciation of the letters

◘ Ó sea, rud amháin eile sara bhfágaim bhur scáileán

   Oh yes, one more thing before I leave your screen

◘ Faoi láthair tá tú ag leibhéal a haon. Críochnaigh an fís seo chun leibhéal a dó a bhaint amach!

   Currently you are at level one. Finish this video to reach level two!

◘ Úsáideann an Ghaeilge aibítir na Laidine

   Irish uses the Latin alphabet

◘ Ach, go ginearálta, ní úsáidtear na litreacha seo a leanas i nGaeilge...

   But, generally, the following letters are not used in Irish...

◘ These letters are NOT used in Irish

   j  k  q  v  w  x  y  z

◘ Mar sin, tá aibítir na Gaelainne déata suas de na litreacha seo a leanas...

   Therefore, the Irish alphabet is made up of the following letters...

◘ a b c d e f g h i l m n o p r s t u

◘ Fúaimníonn na litreacha mar an gcéanna le haibítir an Bhéarla, ach tá eisceacht amháin ann...

 The letters are pronounced the same as the English alphabet, but there is one exception...

◘ Fúaimnítear an litir 'a' mar 'aaa'

   The letter 'a' is pronounced 'aaa'

◘  Anois, rud amháin eile maidir le haibítir na Gaeilge...

   Now, one more thing about the Irish alphabet...

◘  Is féidir le na gutaí síneadh fada a thógaint...

   The vowels can take an acute accent...

◘ á é í ó ú

◘ Comhghairdeas, tá tú tar éis leibhéal a dó a bhaint amach!

   Congratulations, you are after reaching level 2!

If you have any other questions feel free to leave a comment here, or tweet me @codasgaeilge and look out for my new Learn Irish 2014 series which is coming soon on my Youtube channel www.youtube.com/codasgaeilge Any donations to help me create this video series are greatly appreciated and will be used to create more Irish learning content on Youtube. Please donate to me here to help me make more videos. Thank you so much.

Thursday, March 21, 2013

What is the point of speaking Irish!? #SnaG


Conas atá sibh youtube? CODasGAEILGE anseo, an chéad 'channel' a labharann Gaelainn thar chluichí
ríomhaireachta riamh sa domhan!

Fáilte róimh thar n-ais. Anois, theastaigh uaim fís beagánín difriúil a dhéanamh inniu, agus ah caithfead-mé i dtús báire mo leiscéal a ghabháil daoibh as an teideal Béarla a chuireas ar an bhfís seo. Theastaigh uaim go gcífeadh réimse níos leithne daoine an fís. Anois ar aghaidh linn go dtí an cheist a bheimid ag plé....
Cad é an pointe Gaelainn a labhairt? Seo ceist a fhaighim ó am go ham, ah uaireanta ceist gan chor is ea í, uaireanta eile cuirtear an cheist orm i slí gránna éigean, 's dócha ó amadán éigean nach bhfoghlamóidh teanga eile riamh.

Ach ah..anois ní chuireann an cheist seo fearg orm ach cuireann sé saghas ionadh orm. Nach bhfuil sé ait go gceistíonn daoine an teanga atá á labhairt ar an oiléan seo i bhfad Éireann níos faide ná mar atátar ag labhairt Béarla?

Anois cé a bhí ag labhairt Gaelainn sa tír seo? Bhuel do ghaolta shínsear a bhí á labhairt. Saol símplí a bhí ann, folamh ó theicneolaíocht agus 'channels youtube' iontach ar nós mo cheannsa! Saol símplí a bhí ann, agus ní raibh ann ach sinne agus an timpeallacht, agus sí an Ghaelainn a d'úsáid do shínsear gaol chun maireachatint agus ahhh... a géin, na 'genes', a scapadh go dtí an chéad gliúin eile; sinne! Mar sin, tá sé soiléar go bhfuil páirteanna donár inchinn forbaithe go speisialta chun ár teanga a labhairt.

Agus rud suimiúil a chloisim uaireanta ó dhaoine a labharann dhá theanga, deir siad: "Brathaim ar nós duine difriúil nuair a labharaim an dara teanga"...ach ahh daoine eile atá líofa sa dhá teanga éagsúl, deir siad: "No, braithim ar nós an duine céanna nuair a léimeann ó theanga go teanga. Is cuma, is mise an duine céanna, tá an pearsantacht céanna agam"

Ach ahm theastaigh uaim an pointe seo a thabhairt suas mar nuair atá tú ag foghlam teanga, tá tú ag úsáid páirt difriúil don inchinn, agus níl éan comhcheangal idir na páirteanna son de do cheann agus na páirteanna a úsáideann tú de ghnáth. Is é sin le rá níl néaróga..níl na néaróga ábalta teangamháil le chéile, ach nuair a fhaigheann tú líofa sa dhá teanga, tagann na néaróga seo le chéile, chun teachtaireachtaí a thabhairt le chéile, agus cruthaíonn sé saghas duine iomlán asat arís agus beidh do phearsantacht mar ba cheart do a bheith.

Ach anois táimid ag maireachtaint anseo agus tá an cuid is mó de dhaoine ag fás suas ag labhairt Béarla, agus gan dabhat is mór an trua é seo mar ceapaimse féin go bhfuil páirt don inchinn fhéin caillte mar nilfear ag úsáid na néaróga áirithe go speisificiúl atá i do DNA fhéin a d'úsáid do ghaolta shínsear, tá brón orm.

Ach sin é mo thuairimse. Nuair a chuirtear an cheist seo orm tosnaíonn mo cheann ag pléascadh le na mílte freagraí ach theastaigh uaim mo thuairimí a thabhairt ó thaobh na héabhlóide de, mar cuireann sé seo suim ormsa, ach má tá a thuileadh freagraí don cheist agatsa, cuir sna 'comments' é agus b'fhéidir go ndéanama fís eile lá éigean.

Faoi láthair tá mo 'chomputer' briste, 'so' cheapas go ndéanann fís fós mar tá thart ar céad 'subscriber' agam, agus go raibh maith agaibh go léir as teacht go dtí an 'channel' agus an Ghaelainn a scapadh ar fud na tíre arís mar a bhíodh sé cheana, slán go fóil.

Please donate to me here to help me make more videos. Thank you so much.